We're updating our Terms and Conditions

Updated General Terms and Conditions for Ireland State Savings effective from the 31st July 2024

Note: The rate of interest/bonus payable on Products remains unchanged


We are updating our General Terms and Conditions for Ireland State Savings and we set out below a summary of the key updates:

  • We have made updates to reflect legislative and operational changes since the General Terms and Conditions were last updated;

  • We may request certain information from you before a purchase of a State Savings product may be completed for the purposes of complying with legal obligations and guidance relating to the prevention of money laundering and terrorist financing. Where the requested information is not provided to our satisfaction, we may be required to terminate or suspend your State Savings products in order to comply with those obligations;

  • We set out the ways in which we may communicate with you (including via State Savings Online and/or electronic means and/or by post as appropriate) and have extended the ways in which you can communicate with us, in certain circumstances; and

  • We specify that payments from us to you in respect of a State Savings Product will be made by electronic funds transfer to an account designated by you, unless agreed otherwise.

The updates to the General Terms and Conditions will take effect from 31st July 2024 and the updated Terms and Conditions are available by clicking here.

If you are an existing State Savings customer and accept these updates, you do not need to take action at this time. 

If you do not want to accept these updates, you can terminate your agreement with us and redeem your State Savings products prior to 31st July 2024.  If you wish to do so, or have any questions in relation to these updates, please contact us at 0818 20 50 60 (Monday to Friday 08.00 to 20.00).

Please also note, from 31st July 2024, applicants seeking to purchase a State Savings product for the first time must register as a State Savings customer prior to applying to purchase a State Savings product.

If you require any further information, please contact us at 0818 20 50 60 (Monday to Friday 08.00 to 20.00). 
 

Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta Nuashonraithe do Choigiltis Stáit na hÉireann le héifeacht ón 31 Iúil 2024

Tabhair do d'aire: Níl aon athrú ar an ráta úis/bónais atá iníoctha ar Tháirgí

Táimid ag nuashonrú ár dTéarmaí agus ár gCoinníollacha Ginearálta maidir le Coigiltis Stáit in Éirinn agus tá achoimre ar na príomh-nuashonruithe leagtha amach thíos:

  • Tá nuashonruithe déanta againn chun athruithe reachtaíochta agus oibríochtúla a léiriú ó tugadh na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta suas chun dáta an uair dheireanach;
  • D’fhéadfaimis faisnéis áirithe a iarraidh uait sula bhféadfaidh tú táirge Coigiltis Stáit a cheannach agus déanfar é sin chun críocha oibleagáidí dlí a chomhlíonadh agus chun treoir a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc. I gcás nach gcuirtear an fhaisnéis a iarrtar ar fáil chun ár sástachta, d’fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfaí orainn do tháirgí Coigiltis Stáit a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh;
  • Leagamar amach na bealaí inar féidir linn cumarsáid a dhéanamh leat (lena n-áirítear trí Choigiltis Stáit Ar Líne agus/nó trí mhodhanna leictreonacha agus/nó tríd an bpost mar is cuí) agus tá síneadh curtha againn leis na bealaí inar féidir leat cumarsáid a dhéanamh linn, i gcúinsí áirithe; agus
  • Sonraímid go ndéanfar íocaíochtaí uainne chugat maidir le Táirge Coigiltis Stáit trí ríomhaistriú airgid chuig cuntas atá ainmnithe agat, mura gcomhaontaítear a mhalairt.

Cuirfear na nuashonruithe ar na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta i bhfeidhm ón 31 Iúil 2024 agus tá na Téarmaí agus Coinníollacha nuashonraithe ar fáil trí chliceáil anseo.

Más custaiméir Coigiltis Stáit thú cheana féin agus má ghlacann tú leis na nuashonruithe seo, ní gá duit aon rud a dhéanamh faoi láthair.

Mura mian leat glacadh leis na nuashonruithe seo, féadfaidh tú do chomhaontú linn a fhoirceannadh agus do tháirgí Coigiltis Stáit a fhuascailt roimh an 31 Iúil 2024.  Más mian leat é sin a dhéanamh, nó má tá aon cheist agat maidir leis na nuashonruithe seo, déan teagmháil linn ag 0818 20 50 60 (Luan go hAoine ó 08.00 go 20.00).

Tabhair faoi deara freisin, ón 31 Iúil 2024, go gcaithfidh iarratasóirí atá ag iarraidh táirge Coigiltis Stáit a cheannach den chéad uair clárú mar chustaiméir Coigiltis Stáit roimh iarratas a dhéanamh chun táirge Coigiltis Stáit a cheannach.

Má theastaíonn aon eolas breise uait, déan teagmháil linn ag 0818 20 50 60 (Luan go hAoine ó 08.00 go 20.00).