An bhfuil áit choigiltis shábháilte ag teastáil uait?

Is cuma más plean coigiltis gearrthéarma, meántéarma nó fadtéarma atá uait, tá an táirge ceart againn duit.

Tá ár mBanna Náisiúnta Dlúthpháirtíochta saor ó riosca. Bealach éasca coigiltis, leis an toradh is airde dár dtáirgí uile.
Breis eolais

Cén fáth a roghnófá Coigilteas Stáit?

Tá cosaint 100% ó Stát na hÉireann ag Coigilteas Stáit

  • Fágtar do choigiltis go díreach le Rialtas na hÉireann
  • Tá do choigiltis ar fad faoi chosaint ag an Stát
  • Níl aon táillí, coimisiúin díolacháin ná táillí idirbhirt
  • Cuirimid táirgí mealltacha saor ó cháin ar fáil
  • Cuirtear Duaisbhannaí isteach i dtarraingt sheachtainiúil
  • Is féidir ár dtáirgí a cheannach go héasca ar líne, trí Oifigí Poist, tríd an bpost nó ar an nguthán
Foghlaim tuilleadh

Tá táirge Coigilteas Stáit againn duit

Ár dTáirgí

Cibé má tá tú ag pleanáil le teach a cheannach, ag coigilt do thodhchaí do pháiste, ag pleanáil don scor nó díreach le haghaidh lá báistí, tá táirgí ag Coigilteas Stáit a fheileann do riachtanais.

Duaisbhannaí

Bealach iontach chun airgead a choigilt is ea Duaisbhannaí, agus ag an am céanna bíonn deis agat €1 milliún a bhuachan faoi dhó sa bhliain agus suas le €50,000 i ngach tarraingt sheachtainiúil eile

Bíodh deis agat duais a bhuachan, gach seachtain.

Is cuma cén ócáid, is iontach an bronntanas iad Duaisbhannaí.

Smaointe don Choigilteas

“Ba é an t-am is fearr chun crann a chur 20 bliain ó shin. Is é anois an dara am is fearr.” Tá táirgí Coigilteas Stáit againn a oirfidh tú, is cuma cén staid ar thuras an tsaoil ag a bhfuil tú.