Coigilteas an Stáit - An Próiseas Gearáin do Chustaiméirí

Tá sé de bheartas againn ár dtáirgí Duaisbhannaí agus Coigilteas an Stáit a sheacadadh chugat ar bhealach cairdiúil gairmiúil.

Mura mbíonn tú sásta lenár seirbhísí nó lenár dtáirgí is féidir leat do ghearán a dhéanamh ar an bhfoirm chuí do ghearáin chustaiméirí nó litir a scríobh.

Próiséas Láimhseála Ghearáin Chustaiméirí

Má tá údar gearáin agat faoi sholáthar seirbhíse, nó gur theip orainn seirbhís a sholáthar, is féidir leat gearán a chlárú mar a leanas:

1. Foirm Ghearáin Chustaiméirí
Gearáin maidir le táirge Duaisbhannaí: comhlánaigh Duaisbhannaí: Foirm Ghearáin Chustaiméirí.

Gearáin maidir le gach táirge eile Coigealtas an Stáit: comhlánaigh Coigilteas an Stáit: Foirm Ghearáin Chustaiméirí.

Féadfaidh tú an Fhoirm chomhlánaithe Gearáin Chustaiméirí a scanáil mar PDF agus é a sheoladh ar ríomhphost chuig Complaints@StateSavings.ie, nó é a sheoladh sa phost.

2. Litir a Scríobh
Maidir le Duaisbhannaí, scríobh chuig: Coigilteas an Stáit, Aonad Gearáin na gCustaiméirí, Duaisbhannaí, Ionad Fexco, Cill Orglan, SAORPHOST, Co. Chiarraí, V93 WN9T. Maidir le táirgí eile Coigilteas an Stáit, scríobh chuig: Coigilteas an Stáit, Aonad Gearáin na gCustaiméirí, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.

3. Nós Imeachta maidir le Gearáin a Imscrúdú:
Déanfar taifead de gach gearán scríofa a thaifeadadh i gclár foirmiúil i gCoigilteas an Stáit.

  • Déanfar imscrúdú ar do ghearán agus déanfaidh ball sinsireach foirne breithiúnas air mar úinéir an ghearáin.

  • Tabharfar admháil maidir le do ghearán laistigh de chúig lá gnó ón uair a fhaightear an gearán.

  • Tabharfar duit ainm an té a bheidh mar phointe teagmhála duit go dtí go mbíonn an gearán réitithe nó breithiúnas déanta air.

  • Tabharfar nuashonrú duit faoi aon dul chun cinn in imscrúdú ag tréimhsí nach faide ná 20 lá gnó go dtí go mbíonn an t-imscrúdú críochnaithe agus freagra deiridh eisithe go foirmiúil.

  • Déanfaimid iarracht imscrúdú a dhéanamh agus freagra foirmiúil a thabhairt duit laistigh d'uastréimhse 40 lá gnó. Cuirfear in iúl duit má mheastar go mbeidh níos mó ama ag teastáil don imscrúdú agus don fhreagra deiridh.

Mura mbíonn tú sásta le toradh an nós imeachta do ghearáin nó má chreideann tú go bhfuil meancóg sa bhfreagra deiridh, is féidir leat achomharc a dhéanamh i scríbhinn ag tabhairt do chuid cúiseanna, chuig an aonad achomhairc ábhartha atá liostaithe thíos:

  • Le hachomharc a dhéanamh maidir le Duaisbhannaí, déan teagmháil le: Aonad Achomharc Gearáin Coigilteas an Stáit, Ionad Fexco, Cill Orglan, SAORPHOST, Co. Chiarraí, V93 WN9T

  • Le hachomharc a dhéanamh maidir le gach táirge Coigilteas an Stáit eile, déan teagmháil le: Aonad Achomharc Gearáin, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.

  • Is féidir teagmháil a dhéanamh linn freisin le ríomhphost chuig: Appeals@StateSavings.ie

 
Déanfar athbhreithniú neamhspleách ón imscrúdú agus ón mbreith tosaigh ar gach achomharc.

Is ceart go mbeadh na hathbhreithnithe seo críochnaithe laistigh de 20 lá tar éis achomharc a fháil. Tabhair faoi deara go bhfuil sé de pholasaí againn taifid faoi ghearáin a choinneáil ar feadh tréimhse sé bliana agus go ndéanfar iad a scrios ina dhiaidh sin.

Gliogáil anseo le haghaidh próiseas Láimhseáil Ghearáin Chustaiméirí Duaisbhannaí.
Gliogáil anseo le haghaidh próiseas Láimhseáil Ghearáin Chustaiméirí Coigilteas an Stáit.

Teaghmháil le Coigilteas an Stáit

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Coigilteas an Stáit le breis eolais a fháil mar a leanas:

  • Duaisbhannaí:

    • Litir chuig: Coigilteas an Stáit, Duaisbhannaí, Ionad Fexco, Cill Orglan, SAORPHOST, Co Chiarraí, V93 WN9T

    • Ríomhphost: Prizebonds@StateSavings.ie

  • Gach táirge eile Coigilteas an Stáit:

    • Litir chuig: Coigilteas an Stáit, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2

    • Ríomhphost: Service@StateSavings.ie

  • Teileafón: 0818 20 50 60 / 01 705 7200

Is féidir cuairt a thabhairt orainn in aon Oifig Phoist chomh maith.