Tá táirgí Choigilteas Stáit na hÉireann agam cheana féin agus tá Uimhir Chustaiméara um Choigilteas Stáit agam:
Má tá táirgí Choigilteas Stáit na hÉireann agat (táirgí Téarma Sheasta nó Duaisbhannaí), má tá tú 18 mbliana d’aois nó níos sine agus má tá Uimhir Chustaiméara um Choigilteas Stáit (UCCS) agat, roghnaigh an cnaipe ‘Cláraigh’ ag StateSavings.ie.
Beidh ort an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt:
- D’ainm
- Do dháta breithe
- D’Uimhir Chustaiméara um Choigilteas Stáit (UCCS) nó d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
- Do sheoladh ríomhphoist
- D’uimhir fóin phóca
- Do Phas nó Ceadúnas Tiomána ón AE/RA (bailí agus gan a bheith imithe in éag)
- Féinphictiúr chun d’aitheantas a fhíorú
Chomh luath agus a bheidh do chlárú ar líne próiseáilte, seolfar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a thug tú i do chlárú. Tabharfar dearbhú sa ríomhphost sin go bhféadfaidh tú rochtain a dhéanamh ar Choigilteas Stáit na hÉireann Ar Líne leis an bpasfhocal a chruthaigh tú mar chuid den chlárú.
An úsáidtear intleacht shaorga (AI) mar chuid den phróiseas clárúcháin ar líne do Choigiltis Stáit?
Úsáidtear intleacht shaorga mar chuid den phróiseas fíoraithe aitheantais le linn an phróisis chlárúcháin SSO.
Is custaiméir nua le Coigiteas Stáit na hÉireann mé
Má thug tú do sheoladh ríomhphoist agus d’uimhir fóin phóca ar an bhfoirm iarratais do Chustaiméirí Nua, d’fhéadfá na nithe a leanas a fháil:
- Litir Fáilte chuig do sheoladh cláraithe ina mbeidh Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP).
- Féadfaidh tú an Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP) seo a úsáid, in éineacht le do sheoladh ríomhphoist agus d’uimhir fóin phóca (a tugadh ar an bhfoirm iarratais do Chustaiméirí Nua) chun clárú le haghaidh Choigilteas Stáit na hÉireann Ar Líne.
Lean na céimeanna i do Litir Fáilte chun clárú le haghaidh Choigilteas Stáit na hÉireann Ar Líne agus logáil isteach den chéad uair.
Cheannaigh mé Táirgí Choigilteas Stáit roimh an 5 Deireadh Fómhair, 2014:
Má tá táirgí Choigilteas Stáit na hÉireann (Táirgí Téarma Sheasta nó Duaisbhannaí) agat cheana féin agus má tá tú 18 mbliana d’aois nó níos sine, beidh ort iarratas a dhéanamh ar Uimhir Chustaiméara um Choigilteas Stáit (UCCS).
Déan an fhoirm iarratais seo a íoslódáil agus a chomhlánú agus seol ar ais í chuig Coigilteas Stáit na hÉireann, Ionad Fexco, Cill Orglan, SAORPHOST, Co. Chiarraí, V93 WN9T. Ar an bhFoirm Iarratais a fháil, déanfaimid athbhreithniú ar an Doiciméadacht um Fhianaise Aitheanta i do chomhad agus déanfaimid teagmháil leat má theastaíonn doiciméadacht cothrom le dáta.
Ar do UCCS a fháil, féadfaidh tú dul ar aghaidh agus clárú le haghaidh Choigilteas Stáit na hÉireann Ar Líne. Tabhair cuairt ar StateSavings.ie agus roghnaigh an cnaipe ‘Cláraigh’.