Fógra um Chosaint Sonraí Coigilteas Stáit Nollaig 2020

Is é Coigilteas Stáit an t-ainm branda a úsáideann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“NTMA”) agus táirgí coigiltis á gcur ar fáil do dhaoine aonair thar ceann an Aire Airgeadais ag feidhmiú de bhun na gcumhachtaí a thugtar do NTMA san Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú) agus an reachtaíocht lena mbaineann. Agus tú ag tabhairt cuairt ar an suíomh gréasáin seo, féadfaidh An Post agus/nó Cuideachta na nDuaisbhannaí, ag feidhmiú mar ghníomhairí NTMA, ar rialaitheoir sonraí é, píosaí áirithe de do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil mar phróiseáil sonraí de réir na reachtaíochta cuí um chosaint sonraí agus chun na críocha arna leagan amach i Ráiteas um Chosaint Sonraí Coigilteas Stáit. D’fhéadfaí a áireamh sna sonraí pearsanta sin mar shampla, do sheoladh ríomhphoist (má roghnaíonn tú le teagmháil a dhéanamh le Coigilteas Stáit trí aon seoladh ríomhphoist arna liostú ar an suíomh gréasáin) agus do sheoladh Prótacal Idirlín (nó IP). I gcomhair tuilleadh faisnéise, go háirithe i ndáil le do chearta um chosaint sonraí agus conas teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir um Chosaint Sonraí Coigilteas Stáit, déan tagairt do Ráiteas um Chosaint Sonraí Coigilteas Stáit, atá ar fáil anseo. Cuirtear isteach naisc chuig suíomhanna gréasáin seachtracha eile ar mhaithe le háisiúlacht agus níl Coigilteas Stáit freagrach as an ábhar ná as beartais phríobháideachta aon suíomh gréasáin seachtrach.